Meabhrú, athrá agus crácamas – na trí haspal de chúrsa na hArdteiste. Tá sé soiléir go bhfuil an córasoideachais in Éirinn seanfhaiseanta – nach bhfuil sé in am é a athrú? Ar fud na tíre feictear easpa múinteoirí agus acmhainní oideachasúla, chomh maith le scoláirí traochta tar éis seacht n-uaire a’ chloigde shiollabas cruthaithe chun daltaí a ullmhú don tairgaíocht. Níl ciall le leanúint le córas oideachais atá briste agus a bhfuil teipthe air.
Tá sé fíortábhachtach sprioc an oideachais sa tír seo a thuiscint. I 1966 chuir an tAire Donagh O’Malley oideachas dara leibhéal saor in aisce ar fáil le haghaidh d’ógra na tíre. Ag dul i bhfad siar chuig na 1800idí, feictear an fhoirm is sine den mheáoideachas. D’eascair sé as na hAchtanna Monarchan i rith buacphointe na Réabhóide Tionsclaí sa Bhreatain. Ba í aidhm na n-achtanna seo ná athchóiriú a dhéanamh ar cúrsaí oibre i gcóir daoine óga, agus oideachas de shaghas éigin a thabhairt doic na páistí a bhí agstreachailt 10 n-uaire a’ chloig sa lá (na huaireanta oibre athchóirithe dleathacha!) faoi údarás na n-úinéirí. Ní raibh ach teip i ndán don iarracht seo chun oideachas foirmeálta a thabhairt don lucht oibre.
Bhí ar scoláirí íoc as an oideachais seo as a bpá féin. Níl muid tar éis imeacht ón meon dúshaothraithe seo. Is gá do thuismitheoirí íoc as roinnt acmhainní breise – in ainneoin go soláthraítear foirgneamh na scoile agus go n-íoctar pá na múinteoirí as a gcuid cánacha chomh maith. Is é an“cuidiú deonach” an sampla is míchlúití sa chóras – cuidiú atá deonach in ainm amháin. Níl cúis dá laghad ann na híocaíochtaí mícothroma seo a bheith ann i gcónaí – cinnte is féidir leis an stáit na costais breise seo a íoc, ach i spioraid an príobháideachta is cuma sa tisoc leo. Bíonn teacht ag daltaí ó theaghlaigh níos saibhre ar acmhainní scoile níos fearr laistigh den scoil ón tús, fíric a mhéadaíonn an bhearna aicmeach ó aois óg.
Maidir leis na huaireanta a bhaineann leis an lá scoile, ní timpiste é go bhfuil siad ríchosúil leis na gnáthuaireanta oibre. D’aon turas socraítear na hamanna seo chun an lucht saothar a ullmhú i gcóir saol lán le tairgíocht síoraí. Tá na mílte tuairisc ar fháil a luann nach bhfuil an phatrúin seo nádúrtha i gcóir déagóirí. Ag an am is riachtanaí ina gcuid caithreachais, baineann an córas oideachais aon deis chodlata ceart uathu. Ní fhágann an t-amclár cruálach seo spás nó spéis ar bith le haghaidh forbairt phearsanta shóisialta. Tá daltaí i ngéibheann faoi uaireanta atá leagtha amach le hoibrithe foirfe a dhéanamh de na daoine óga, ionas go mbeidh taithí acu ar thascanna leamha agus cráinan tuirse. Rinne na hAchtanna Monarchan sa 19ú haois iarracht cosc a chur ar obair i rith na hoíche le haghaidh páistí. Anois, mar gheall ar na huaireanta fada a bhíonn ar dhaltaíl a fhulaingt, is rud comónta é i gcóir lucht na hArdteiste a bheith i mbun staidéir i rith na hoíche. Ní an t-am sa lá ag an dalta cloí le curaclam rófhairsing. Agus an brú dochreidte níl rogha ar bith acu. Chun déileáil eis an méid dosháraithe oibre, cailleann daltaí amach ar chodladh riachtanach, a chuireann le feidhmíocht laghdaithe sa scoil agus easpa tuisceana ar thopaicí dúshlánacha. Nuair a shroicheann siad an suíomh oibre, tá taithí acu ar éagóir an tsaoil cheana féin; rud a réitíonn siad chun a gcuid anamacha a reic don chaipitleachas.
Agus muid críochnaithe le tréimhse na scrúduithe, nochtann míchothromaíochtaí chóras an chaipitleachais iad féin. Ba é sprioc an chórais oibrithe foirfe a chruthú, réidh agus ullamh go huile agus go hiomlán chun a gcumhacht oibre a reic faoi sclábhaíocht an tuarastail. Tá béim ar scileanna foghlama áirithe le linn na scolaíochtá, gan dabht – spleáchas, géilleadh, poncúlacht. Ní tosaíonn an sclábhaíocht d’obair thuarastail nuair a théann an dream óg isteach san fhórsa oibre: Tosaíonn an múnlú seo sa seomra ranga go hóg. Isa Ré Tionsclaíoch, ní raibh sa chóras oideachais ach uirlis a bhain na capitlithe feidhm aisti le haghaidh a riachtanais leithleacha. Anois, máirseálann an chéad ghlúin eile de dhochtúirí, díoltóirí agus innealtóirí I dtreo an chórais nua-aimseartha – córas ba ar an gcapitleachas.



