Baineadh siar asainn ar an séú lá den mhí seo caite nuair a tháinig an scéal go raibh Gabriel Rosenstock ar shlí na fírinne.
Over a long period Rosenstock contributed poetry to Socialist Voice, always a new work and always well on time. The poems were usually accompanied by his own English translation, and the dominant theme was a constant plea for peace and protest against the barbarity of war and genocide. Palestine was a constant concern of his, and a well-worn keffiyeh was among the fond belongings displayed at his funeral.
Tháinig Gabriel chun tosaigh sna luathseachtóidí mar dhuine den cheathrar a bhunaigh an iris Innti i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus ó shin i leith ba chuid dhílis de shaol litríochta na hÉireann a ghlór agus a shaothar. Chleachtaigh sé gach cineál scríbhneoireachta. D’éirigh sé an-tógtha le filíocht haiku de chuid na Seapáine agus bhuail sé a chló féin ar an genre sin. Scríbhneoir agus aistritheoir bisiúil agus ildánach a bhí ann. D’aistrigh sé cuid de shaothar Heaney, Beckett agus Yeats go Gaeilge. Bhain sé an-sásamh as aistriúcháin a dhéanamh ar amhráin de chuid Joni Mitchell, Van Morrison, Bob Dylan, Leonard Cohen agus, fiú, Taylor Swift. Táthar ann a mhaíonn gur fheabhsaigh sé cuid de na liricí céanna!
Idirnáisiúnaí go smior a bhí ann. Ar feadh a shaoil chuir sé spéis i sibhialtachtaí an Oirthir, go háirithe i gcultúir éagsúla na hIndia. He never tired of discovering writers unknown in Europe and introducing them to an Irish readership. Last August he mourned the death of Ngũgĩ wa Thiong’o, the Kenyan writer and author of Decolonising the Mind, which Gabriel echoed and proclaimed.
Thar aon rud eile, duine lách cineálta grámhar a bhí ann. Déanaimid comhbhrón lena bhean chéile, Eithne, agus leis an gclann.



