Ná Díolaimis Coillte Do Chreach-Chistí

A chara,

Ba chóir do Choillte diúltú don socrú seo le hinfheisteoirí.

Tá Éire, lena haeráid bhog mheasartha (téite ag Sruth na Murascaille) an-fheiliúnach do chrainn dhúchasacha. Ach le míle bliain anuas laghdaíodh méid ár gcoillte go dtí 1%. Faoi láthair tá níos lú ná 12% den talamh faoi chrainn, i bhfad níos lú ná an meán san AE. Tá seo scannalach.

In Aibreán 2021, d’fhógair Coillte plean chun foraoiseacha a leathnú go tapaí, dá straitéis mhaolú aeráide. Anois cuirtear in iúl dúinn go mbeidh na mílte acra talún á ndíol le Creach-Chistí Gresham House.

Cén bhealach a gcuirfidh an moladh seo ó infheisteoirí plean Choillte chun cinn? Ní chuirfidh sé chun cinn é. Beidh an infheistíocht i gCreach-Chistí Gresham House ag feidhmiú chun brabúis amháin. Is díolachán de acmhainní nádúrtha na tíre é, cosúil lenár nGás Nádúrtha saor in aisce do Shell i Ros Dumhach, agus le loingeas mhóra an AE amach ónár gcósta ag brú ár n-iascairí dúchasacha amach.

Caithfidh muintir na hÉireann cur i gcoinne an bhagairt nua seo de dhíolacháin ar n-acmhainní nádúrtha.

COILLTE SHOULD BACK OFF PROPOSED INVESTORS DEAL

A chara,

Ireland with its mild temperate oceanic climate (warmed by the Gulf Stream) is ideal for indigenous afforestation. Yet deforestation over the past 1,000 years has reduced Irish Native Forest to just 1% of the total land area. The current forest cover in Ireland remains at less than 12%, well below the EU average. This is lamentable.

In April 2021, Coillte unveiled a plan to rapidly expand afforestation in its obligatory climate mitigation strategy. Now we are informed that thousands of acres are expected to be sold to Gresham House Vulture Funds in a land deal.

How will this investor proposal integrate or promote that Coillte plan? It will not. Investors in the Gresham House Vulture Fund will be profit driven only. It is a sell-off of the country’s resources like the Rossport Giveaway and the EU Factory Ships off our coast displacing our indigenous fishermen.

The Irish people must resist this latest threat in the sell-off of our resources.

Is muide, le meas,

Micheál MacAonghusa

Antaine Mac Mathúna

Brian Tubbert

Aaron Nolan

Mary Delaney

Roibeárd Mac Cathmhaoil

Elizabeth Bach

Proinsias Ní Mhurchú

Tadhg Ó Cruadhlaoich

Marie Uí Fhaogáin

Ar son Ionad Buail Isteach na Gaeilge

Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2