Writers salute the legacy of Tomás Mac Síomóin

Tribute was paid to the life and work of the late comrade and writer Tomás Mac Síomóin at a commemorative event organised by Aontas na Scríbhneoirí in conjunction with the festival IMRAM in the Writers’ Centre, Dublin, last month.

     The evening was themed “File agus Fear Conspóide / Poet and Passionate Polemicist.” Different aspects of Tomás’s work were discussed, and extracts of his poetry and prose were read. Presentations were made by the poet and broadcaster Mícheál Ó hUanacháin, Prof. Máirín Nic Eoin, the poet and playwright Celia de Fréine, and Dr Éamon Ó Cíosáin. Mícheál Mac Aonghusa spoke about the politics of Tomás Mac Síomóin. The event was hosted by the writer and broadcaster Cathal Póirtéir. An appropriate mixture of Irish and Spanish music was provided by Cormac Breatnach and Martin Dunlea.

Éistimis le glór Thomáis

Caint a thug Mícheál Mac Aonghusa ag an ócáid chomórtha a d’eagraigh Aontas na Scríbhneoirí

Is nós é sa tír seo ardmholadh a thabhairt don té atá ar lár. Is annamh a dhéanaimid amhlaidh le duine agus é ina bheatha. Faoi mar a tharla, sa chás seo rinne Aontas na Scríbhneoirí ceiliúradh ar shaothar Thomáis breis agus deich mbliain ó shin agus Tomás féin i láthair. Oíche mhór ina shaol a bhí ansin, agus is cuimhin le go leor anseo é ag canadh agus ag damhsa lena linn.

     B’in gné de phearsantacht Thomáis nár aithin cuid mhór dá lucht léite agus a raibh lucht a cháinte dall uirthi. Sin an chuimhne is mó ar Thomás atá beo i gcónaí i mBaile Formaid, faoi mar a dheimhneoidh ionadaithe ón bpobal sin atá i láthair anseo anocht.

     Iarradh orm cúpla focal a rá faoi pholaitíocht Thomáis. Ba as a thuiscint ar an saol agus an sochaí a d’eascair na síolta a tháinig chun blátha ina shaothar cruthaitheach.

     Smaointeoir agus gníomhaí polaitiúil a bhí ann óna óige, ar bhealach amháin nó eile. Poblachtach go smior a bhí ann ar feadh a shaoil, ar theastaigh uaidh Éire a bheith neamhspleách agus saor ó thriantán impiriúil Londan, Washington agus na Bruiséile agus nach mbeadh glacadh inti le meon an choilíneachais a ghéill, agus a ghéilleann, do thréigint na Gaeilge.

     Thuig sé de réir a chéile gur dhúshlán domhanda a bhí san impiriúlachas agus go raibh sé riachtanach an pláinéad ar fad a shaoradh ón ualach sin, an sciúirse is mó i stair an chine dhaonna.

     Chrom sé ar litríocht an Mharxachais a scrúdú, idir na saothair chlasaiceacha agus an scríbhneoireacht chomhaimseartha. Níor bhreathnaigh sé ar aon leabhar ansin mar shliocht ó Bhíobla ná ar aon scríbhneoir sa traidisiún sin, beo nó marbh, mar shoiscéalaí do-earráideach. Agus, ar ndóigh, níor theorannaigh sé a chuid staidéir ar an bpolaitíocht do raon údar a mbeadh sé ag aontú go hiomlán leo. Ní raibh aon fhoighid aige leis na neamh-Mharxaigh a shíl gur thosaigh an stair i 1789 nó in 1848. B’fhuath leis freisin meon an chinnteachais, an dearcadh neamh-Mharxach a chreid go dtiocfadh réabhlóid luath nó mall fad is a thitfeadh tosca áirithe isteach le chéile. Thuig sé nach dtiocfadh athrú bunúsach chun feabhais sa tsochaí gan oibriú ina threo agus troid a chur suas fána choinne.

     Chuaigh sé isteach i bPáirtí Cumannach na hÉireann sna luath-1980í agus bhí sé thar a bheith gníomhach ansin go dtí go ndeachaigh sé chun cónaithe sa Chatalóin i 1997. Ní ball oscailte a bhí ann sna blianta tosaigh, ar chúiseanna fostaíochta, agus ba é an nom de guerre a d’úsáideadh sé “Seoirse Mac Thomáis.” Ar feadh tamall de bhlianta bhí sé ar Ardchomhairle an pháirtí agus léirigh sé ansin an mianach a bhí ann maidir le hanailís pholaitiúil, mianach a bhí de dhíth go mór i ngéarchéim na 1990í. Bhí an-tionchar aige ar straitéis agus gníomhaíocht an pháirtí sna blianta sin, agus níos leithne ná an páirtí, i bhfeachtais éagsúla.

     Beidh cuimhne ag daoine anseo ar an gcumas chun eagraithe a bhí ann le linn an fheachtais um Theilifís Ghaeilge. Chuir sé an iarracht chéanna isteach i bhfeachtais pholaitiúla. D’aistrigh sé an Forógra Cumannach go Gaeilge. Rinne sé ionadaíocht ar son an pháirtí ag an-chuid cruinnithe thar lear agus d’fhan sé i dteagmháil le han-chuid comrádaithe a ndearna sé cairdeas leo ag na tionóil sin.

     Sna 1980í déanacha chaith sé trí seachtaine i Scoil Lenin i Moscó agus d’aithin sé go raibh ceannasaíocht Aontas na Sóivéide ag loic ar an sóisialachas agus nárbh fhada go ngéillfidís don chaipitleachas. Scríobh sé go rialta don Socialist Voice, agus lean sé leis sin agus é ina chónaí sa Chatalóin nó le linn na dtréimhsí a chaith sé i gCúba.

     Níorbh fhada agus é sa Chatalóin gur thiontaigh an tírghráthóir Éireannach ina thírghráthóir Catalónach. Bhain sé líofacht amach i labhairt agus scríobh na Catalóinise go han-tapa agus thagraíodh sé do na Catalónaigh sa chéad phearsa. Ghlac sé páirt i bhfeachtais pholaitiúla ansin agus ba léir an grinneolas a bhí aige ar chúrsaí na Catalóine agus na Spáinne ó na tuairiscí nuachta a thugadh sé ar Raidió na Gaeltachta. Ní raibh sé lánsásta le príomhpháirtithe an neamhspleáchais sa Chatalóin, go háirithe maidir lena soineantacht faoin Aontas Eorpach. Ach in ainneoin a dhílseacht don Chatalóin ba í an Ghaeilge i gcónaí a phríomh-mheán scríbhneoireachta.

     Bhí sé an-tugtha do Chúba freisin agus do gach a bhain leis. Chaith sé roinnt tréimhsí fada ansin, agus bhí sé i láthair ag cuid de na cruinnithe áitiúla ag an bPáirtí Cumannach sa tír sin. Bhí ardmheas aige ar an gcaoi ar láimhseáil muintir Chúba an Ré Speisialta i dTráth Síochána, mar a tugadh uirthi. Chuir sé comhairle ar rialtas Chúba maidir le gnéithe de chúrsaí talmhaíochta. Ná déanaimis dearmad gur bhitheolaí a bhí ann. Léachtóireacht san ábhar sin an post lae a bhí aige an chuid is mó dá shaol oibre.

     Ní féidir gan an ceangal a bhí aige le hAlbain, tír mháthair a chlainne, a luadh. Bhí dlúthchairdeas aige leis an bhfile Marxach Somhairle Mac Gill-Eain. Chuir sé as go mór dó nár vótáil tromlach na nAlbanach ar son neamhspleáchais i 2016 agus chuir sé an-olc air mar a ghéill eite chlé Shasana don seobhaineachas sa ghleic sin.

     Bhí Tomás i bhfad chun tosaigh maidir le tuiscint ar an athrú aeráide agus an phráinn a bhí le gníomhaíocht len é a shrianú. Bhíodh sé ag caint air sin tríocha bliain ó shin. Rud eile a bhí ag déanamh tinnis dó modhnú barraí agus glasraí. Dar leis, bhí sé sin ina chontúirt mhór fhadtéarmach do bhiaréim agus sláinte an chine dhaonna. Ábhar eile a bhí chun tosaigh ina chuid scríbhneoireachta an cúngú mór a bhí tagtha ar shaoirse chainte agus tuairimíochta i gcríocha an nua-liobrálachais. Gné eile den saol a bhí ag cur as dó ab ea na himpleachtaí a bhain le forás na hintleachta saorga.

     Ba dhearmad an-mhór é a cheapadh go raibh Tomás an scríbhneoir ann agus Tomás an trodaire polaitiúil. Ní raibh ach Síomóineach amháin ann: an scríbhneoir cruthaitheach, an trodaire polaitiúil, an gníomhaí teanga, an t-iriseoir agus an t-eolaí, iad uile in aon cholainn amháin agus in aon intinn amháin. Bhí siad ar fad faoi réir an mheoin, na réasúnaíochta, na fealsúnachta agus na hidé-eolaíochta céanna.

     Tá an cholainn imithe uainn ach maireann glór Thomáis. Éistimis leis, agus go n-éiste glúnta atá le teacht leis!