Caomhnóir ina shabaitéir

An bhliain seo caite méadaíodh 74 faoin gcéad ar bhrabús an chomhlachta phríobháidigh othar­charr is mó sa tír, Lifeline Ambulance Service. Is le David Hall, a bhain cáil amach cheana mar fheachtasóir morgáiste, an comhlacht.

Caoga othar-charr atá á n-oibriú ag an gcomhlacht anois, a bhfuil 102 fhostaí aige. Méadaíodh ar an mbrabús carntha go €907,000, mar aon le cúlchiste de €1.05 milliún. Ba chabhair mhór chuige sin an tacaíocht a chuir an rialtas ar fáil do ghnóthais phríobháideacha i rith phaindéim an choróinvíris.

Thug an t-úinéir creidiúint freisin as fás an ghnóthais sa bhliain 2020 do “ghéilliúlacht” na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte (HSE). Ansin tháinig iar-stiúrthóir ginearálta an HSE, Tony O’Brien, isteach sa chomhlacht i mí Eanáir mar stiúrthóir neamh­fheidhmiúcháin.

Sampla críochnaithe is ea seo den “doras rothlach” a oibríonn idir an tseirbhís phoiblí agus gnóthais phríobháideacha. An chéad uair eile a chloiseann tú oifigeach sinsearach ag moladh comhlachtaí príobháideacha agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal, cuimhnigh go mb’fhéidir go bhfuil sé ag machnamh ag an am céanna ar léimt ó bheith ina sheirbhíseach ag an bpobal go bheith ina bhrabúsaí, agus cá mhéad airgid a thuillfidh sé dá réir.