Buachaill agus Buicéad Buí

Deich mbliana a bhí sé

ar a mhéid, murar bheag dá aois

agus an t-umar mór á iompar aige

soitheach caoga líotar nó nios mó

an canna buí plaisteach agus a dhá láimh 

i ngreim air, á choinneáil

idir a dhá chois chreatacha

cúpla orlach ar éigin

os cionn dusta na talún.

Ag déanamh a shlí tríd an lána

caol idir bhruscar tógála

leagtha

ar dhá thaobh na sráide

agus neamhshuim ag na daoine air,

a ngnótha práinneacha ag gach éinne

ag coisíocht chuig an mbaile

nach raibh ann a thuilleadh

dá lán.

In aghaidh an tslua a bhí sé

ag siúl go tuisleach

céim chúramach i ndiaidh céime

grian lag earraigh

gan teas

ag cur allais air

ina ainneoin sin

is gan bláth ná péacadh féin

i measc smionagar

na n-árasán ina thimpeall

Is dá mbeadh féin

gan aird aige

ach ar a ualach

uisce nach raibh acu

ach go hannamh

le míonna anuas

Fad a thit

na roicéid is na diúracáin

is na drónbhuamaí

ar a raibh fágtha

dá dhúthaigh is dá dhúchas

ar bhruach na Meánmara.

Na pictiúir ná facas

is mé beag bídeach

agus iadsan úr-nua

ó Ravensbrück, Sachsenhausen

agus Majdanek

corpáin carntha

nó scuainí corp creatacha

beo ar éigin

ina gcultacha stríocacha.

Seomra i ndiaidh seomra

i Yad Vashem

lena n-áireamh

mar chuimhne cine.

Cé mhéid minyan

ba ghá

a thiomsú

cé mhéid Qaddis

ba chóir

a chanadh

do mhuintir an bhuachalla

chreataigh

lena bhuicéad mór groí

ar shráid al-Nasr

b’fhéidir

dóibhsean

ná feicfidh sé arís.
S’ma.