Lá Idirnáisiúnta an Lucht Oibre

Sean-fhéile thraidisiúnta ar feadh na gcianta ba ea Lá Bealtaine, an chéad lá den samhradh. D’eagraítí deasghnátha éagsúla ar fud thuaisceart na hEorpa le fáilte a chur roimh an ngrian agus roimh theacht na soininne. In Éirinn, lastaí tinte cnámh, mar aithris ar an ngrian (“tine gheal” ba bhrí le “Bealtaine”) agus le beannacht a chur ar na beithígh agus iad á dtiomáint chun a bhféarach samhraidh.

Sa naoú haois déag cuireadh tús le Lá nua Bealtaine, lá ar a ndéanfaí cumhacht an lucht oibre a cheiliúradh agus a gcearta a éileamh ar fud an domhain. Sna Stáit Aontaithe, i Chicago—cathair mhór ghluaiseacht an lucht oibre—a rugadh an lá nua seo.

Sa bhliain 1884 mhol an Federation of Organized Trades and Labor Unions go gcuirfí tús le feachtas náisiúnta ar son lá oibre ocht n-uaire (deich n-uaire sa lá, nó níos mó, a bhí coitianta ag an am), le tosú ar 1 Bealtaine 1886. Dé Luain 3 Bealtaine an bhliain sin chuaigh oibrithe i monarcha innill talmhaíochta McCormick ar stailc. Cuireadh glas amuigh orthu; d’ionsaigh na póilíní iad, agus maraíodh duine acu.

Glaodh cruinniú agóide i Haymarket Square don lá dar gcionn, cé nár fhreastail air ach 2,500 duine. Bhí an cruinniú beagnach thart agus na daoine ag scaipeadh nuair a d’ionsaigh na póilíní iad. Ansin chaith duine éiginn buama in aghaidh na bpóilíní. Maraíodh duine acu ar an toirt. Tháinig líonrith ar na póilíní; sa dorchacht scaoil siad a gcuid gunnaí i ngach treo, gan smacht gan treoir, ar a chéile chomh maith. Faoi dheireadh an áir bhí ceathrar neamhchiontach marbh, chomh maith le seachtar póilíní.

Fógraíodh dlí míleata ar fud na tíre, agus cuireadh i bhfeidhm é dá mba chogadh in aghaidh an lucht oibre é. Roghnaíodh ochtar eagraithe lucht oibre—go randamach, de réir cosúlachta—agus cúisíodh iad i ndúnmharú na bpóilíní i Chicago.

Gan mhoill thosaigh na nuachtáin—cairde lucht an rachmais i gcónaí—agus na polaiteoirí ar fheachtas i gcoinne ghluaiseacht na n-oibrithe i gcoitinne agus i gcoinne lucht eagraithe an léirsithe go háirithe, ag éileamh pionós an bháis. Thairg príomh-nuachtán na cathrach, an Chicago Tribune, duais airgid don ghiúiré dá bhfaighidís ciontach iad.

Tar éis triail arbh iomrall ceartais amach is amach í, scaoileadh saor duine amháin de na príosúnaigh agus gearradh pionós an bháis ar an seachtar eile—ina measc daoine nach raibh i láthair fiú nuair a tharla an pléascadh. Faoi dheireadh gearradh cúig bliana déag príosúnachta ar bheirt, agus gearradh pionós an bháis ar na fir eile. Chuir duine de na príosúnaigh lámh ina bhás féin roimh lá na cinniúna; ach ar an lá sin, 11 Deireadh Fómhair 1887, crochadh ceathrar.

I mí an Mheithimh 1893 cháin gobharnóir nua Illinois go géar iompar na bpóilíní, na gcúirteanna agus na nuachtán agus thug pardún do na fir a bhí fós i bpríosún.

Chuir sléacht Chicago agus an triail fearg ar an lucht oibre ar fud an domhain. I mí Iúil 1889 mhol Cumann Idirnáisiúnta na bhFear Oibre (an Dara Idirnáisiúntas) go n-eagrófaí léirsithe ar an aonú lá de Bhealtaine gach bliain ina dhiaidh sin in ómós mhairtírigh Haymarket Square agus ar son aitheantas dleathach do lá oibre ocht n-uaire, éilimh eile an lucht oibre, agus síocháin uilechoiteann. Agus is chuige sin a cheiliúrtar é ó shin i leith ar fud an domhain.