Uaigh na mairtíreach

I gceantar Bhaile na Lochlannach, ar bhruach thuaidh na Life, tá cnoc íseal a raibh coill bheag air tráth agus plásóg nó plásán ina lár. Thug na Sasanaigh “the Arbour” ar an bplásóg agus ansin Arbour Hill ar an gcnoc.

Timpeall na bliana 1840 bhunaigh arm Shasana reilig ar an gcnoc, taobh thiar den Bheairic Ríoga (Dún Uí Choileáin níos déanaí), agus ansin sa bhliain 1848 beairic choinneála (Príosún Chnoc na Plásóige anois).

Nuair a thosaigh Éirí Amach 1916 cuireadh an Ginearál John Maxwell go hÉirinn mar “ghobharnóir míleata.” D’ordaigh seisean clais a thochailt i gclós na beairice coinneála a mbeadh slí inti do chéad corpán. Tar éis an éirí amach thionóil sé cúirteanna airm, faoi rún agus gan abhcóidí cosanta—coinníollacha a bhí mídhleathach fiú faoi dhlí míleata.

Gearradh pionós an bháis ar nócha rannpháirtí, cé nár cuireadh i bhfeidhm ach cúig cinn déag acu—ceithre cinn déag i mBaile Átha Cliath agus ceann amháin i gCorcaigh. I gclós na mbristeoirí cloch i bPríosún Chill Mhaighneann a cuireadh na hóglaigh chun báis, idir an 3ú lá agus an 12ú lá de Bhealtaine.

Chuir na himeachtaí seo imní ar rialtas Shasana, agus rinneadh iarracht ar stop a chur leo. Bhí aicme cheannais Shasana ag iarraidh na Stáit Aontaithe a tharraingt isteach sa Chogadh Mór, agus bhí a fhios acu láithreach go gcuirfeadh an marú déistin ar phobal Mheiriceá, agus go háirithe ar an bpobal mór Gael-Mheiriceánach. Ach d’fhreagair an Ginearál Maxwell go n‑éireodh sé as a phost dá dtabharfaí ordú dá leithéid dó, agus ghéill an rialtas.

De réir ghnás arm Shasana, ceanglaíodh gach íobartach de chathaoir, agus greamaíodh blúire páipéir dá gcliabh mar mharc dírithe. Tairgeadh púicín dóibh freisin; dhiúltaigh beirt acu an púicín, cé nach eol dúinn cén bheirt.

Cuireadh na corpáin isteach in othar­charr agus tugadh go Cnoc na Plásóige iad. Leagadh sa chlais ansin iad san ord inar tugadh ann iad.

Ar an 10ú lá de Bhealtaine, nuair a bhí dhá dhuine dhéag de na príosúnaigh curtha chun báis, d’fhoilsigh an Irish Independent grian­ghraf den Chonaíleach mar aon leis an líne “Still lies in Dublin Castle recovering from his wounds,” agus san eagrán céanna an t‑eagarfhocal mí­chlúiteach a dúirt, “Let the worst of the ringleaders be singled out and dealt with as they deserve.” (Go deireadh a shaoil mhaígh William Martin Murphy—úinéir an Independent, príomh­chaipitlí Bhaile Átha Cliath agus dearg­namhaid an ITGWU agus an Chonaíligh—nárbh é féin a scríobh an t‑eagarfhocal sin ach Tim Harrington, eagarthóir an nuachtáin.)

Dhá lá níos déanaí, ar an 12ú lá de Bhealtaine, tugadh an Conaíleach agus Seán Mac Diarmada amach agus lámhachadh iad. Nuair a fógraíodh an nuacht i bParlaimint Shasana thosaigh na feisirí ag bualadh bos—Páirtí an Lucht Oibre chun tosaigh.

Sa bhliain 1948 bheartaigh an Rialtas ar an suíomh a ath­chóiriú agus a leagan amach mar shéad­chomhartha, agus críochnaíodh an obair sin i 1955. Ghrean Michael Biggs téacs iomlán Fhorógra Phoblacht na hÉireann i litreoireacht álainn ar an mballa aol­chloiche taobh thiar den uaigh, obair a chríochnaigh sé i 1964.

Ón mbliain 1919 nó mar sin d’eagraíodh an ITGWU paráid agus searmanas bliantúil i dtrátha an 12ú lá de Bhealtaine. Leanadh leis sin go dtí na 1960í, nuair a tugadh eagrú na hócáide do Chomhaile Ceard­chumann Bhaile Átha Cliath. Bhí smacht faighte ar an gcomhairle ceard­chumann ag dream frith­náisiúnach (Páirtí na nOibrithe mar atá orthu inniu), a raibh sé mar aidhm acu deireadh a chur leis an gcomóradh, agus faoi dheireadh d’éirigh leo. Ansin thosaigh Páirtí Cumannach na hÉireann ar chomóradh bliantúil a eagrú, agus leantar leis sin i gcónaí.