Poetry: Fóntacht na filíochta

Leabhar dátheangach (Fraincis–Béarla) é If the Symptoms Persist, dánta le Francis Combes aistrithe go Béarla ag Alan Dent agus foilsithe ag Smokestack Books (www.smokestack-books.co.uk).

Creideann Combes san fhilíocht, filíocht de shaghas áirithe, une poésie d’utilité publique. Is réabhlóideach an dearcadh é sin ar go leor slite. File réabhlóideach é Combes. Grianghraf de bhacach sráide a mhaisíonn clúdach an leabhair, fógra ag an mbacach á rá go bhfuil ocras air.

Cén fáth a bhfuil ocras air? Tá ocras agus tart ar Combes leis; ní gnáth-ocras é ach an cíocras sin a luann Matha (5:6): “Blessed are they who hunger and thirst for righteousness.” (Bhíodh an Bíobla Naofa ar fáil saor in aisce ar líne ach níl a thuilleadh, is cosúil; ní cuimhin liom gur ghearr Íosa táille ar bith ar a theagasc!)

Cén fáth a bhfuil ocras ar an mbacach? Cuimhním ar Dom Hélder Câmara, a dúirt: “Nuair a thugaim bia do na bochtáin tugtar naomh orm. Nuair a deirim, ‘Cén fáth a bhfuil siad bocht?’ tugtar Cumannaí orm.”

Chláraigh Combes ina bhall d’Ógra na gCumannaithe sa bhliain 1968. Bhí sé óg go maith ag an am (rugadh é sa bhliain 1953). Tá a rian sin air, é dúthrachtach agus dílis i gcónaí dá fhís fhileata agus shóisialta araon.

Ní teagascóir tur é. Pléisiúr le roinnt é, dar leis, ról nó feidhm an dáin, faoi mar a roinnfeá bia agus deoch le do chairde—nó le bacach sráide:

Utilité de la poésie

Un jeune mendiant croisé dans le métro,

sur un bout de carton accroché à son cou

avait écrit ces mots:

 

“Comme la forêt en feu

crie vers l’eau de la rivière

je m’adresse à vous:

Donnez-moi SVP

Quelque chose à manger.”

 

Et, semble-t-il,

des gens donnaient.

(Ce qui tendrait à démontrer

l’utilité dans nos sociétés

de la poésie)

 

Fóntacht na Filíochta

Bacach óg ar bhuaileas leis sa Mheitreo

bhí na focail seo scríofa ar phíosa cairtpháipéir aige

agus é crochta timpeall a mhuiníl:

 

“Mar a ghlaonn an fhoraois trí thine

ar uiscí na habhann

achainím oraibh:

Tugaigí greim le hithe dom

más é bhur dtoil é!”

 

Agus táthar ag déanamh rud air

is cosúil.

(Rud a chuireann fóntas na filíochta

sa tsochaí in iúl dúinn

ba dhóigh leat).