Fighting the effects of colonialism and imperialism was the hallmark of the long, active and fruitful life of Pádraig Ó Snodaigh who passed away suddenly on the second day of the new year at the age of 89. His radical republicanism informed every aspect of his life as language activist, writer, journalist, historian, publisher and agitator. Over decades he worked closely with Tomás Mac Síomóin on many literary, philosophical, and political projects including their joint editorship of the current affairs magazine, Lasair. He was one of the first to recognise the implications of Irish adhesion to what was then the Common Market and played a leading role in the No campaign of 1972. He never relented on his view of the EU as an imperialist structure. His period as president of Conradh na Gaeilge was one of the most vibrant in the organisation’s history in which it engaged in social and socio-political campaigns to the consternation of conservative elements.
Idirnáisiúnaí a bhí ann, faoi mar a dúirt Ciarán Ó Feinneadha ag a shochraid. Chuir sé spéis i ngach gné de chultúr an domhain agus ba ghráin leis cos ar bolg a bheith á imirt ar phobail nó ar dhaoine aonair áit ar bith. Ar feadh a shaoil bhí dúspéis aige in imeachtaí sna tíortha Ceilteacha agus ba mhór leis dul chun cinn na ngluaiseachtaí náisiúnta, idir chultúrtha agus pholaitiúil, iontu. Ba bheag eagrán d’iris an Chonartha Cheiltigh, Carn, nach raibh alt aige ann.
B’fhuath leis seicteachas de chineál ar bith agus throid sé go háirithe in aghaidh an tseicteachais reiligiúnda. Chomh fada siar le 1973 scríobh sé Hidden Ulster: Protestants and the Irish Language. Suimiúil go leor, thug sé aitheanas sa saothar céanna do thraidisiún Bhéarla na hAlban i gCúige Uladh.
Dhaingnigh sé a sheasamh mar shaineolaí ar Éirí Amach na Cásca le foilsiú a leabhair Comghuaillithe na Réabhlóide. Bhí sé ina eagarthóir tráth ar Saothar, iris Chumann Stair Lucht Oibre na hÉireann. Sheas sé an fód leis na blianta fada in aghaidh lucht athscríobh na staire nuair is iad a bhí i réim sna hollscoileanna agus sna meáin.
Ba é an obair ba mhó a raibh sé mórtasach as ná a shaothar leis an teach foilsitheoireachta, Coiscéim, a bhunaigh sé le hiasacht airgid ón scríbhneoir, Risteard Ó Glaisne. D’éirigh leis saothar thart fá 1,500 údar a chur i gcló, éacht stairiúil gan aon agó.
Ba mhór an crann taca í i ngach a rinne Pádraig a bhean chéile, an snoíodóir, Cliodhna Cussen, a d’eag sa bhliain 2022.
Gabhann Páirtí Cumannach na hÉireann comhbhrón lena dheirfiúr, a sheisear mac agus a sliocht. Beidh fómhar fairsi baint de dheasca shaol Phádraig.