Flag of Venezuela illustrated on geographic map of Venezuela

Veiniséala ag seasamh an fhóid

Is mó seans go mbeidh ar Veiniséala idir­ghabháil mhíleata a fhulaingt má theipeann ar chomh­chainteanna Osló, mar a thugtar orthu. B’in a bhí le tuiscint ó chuntas a thug ambasadóir Veiniséala, Rocio Maneiro, do chruinniú de lucht tacaíochta a d’eagraigh Líonra Veiniséala na hÉireann i Halla na Saoirse an mhí seo caite.

Rialtas na hIorua a thionscain na cainteanna seo idir na húdaráis in Caracas agus scáth-uachtaránacht Juan Guaidó, a bhfuil an Teach Bán taobh thiar de.

Tá Veiniséala faoi léigear eacnamaíoch, mar a mhínigh an t-ambasadóir, ó Nollaig na bliana 2014. “Is gléas cogaidh é an léigear seo,” a dúirt an t-ambasadóir, agus ní miste a aithint gurbh é an tUachtarán Obama a chuir tús leis agus go mbaineann sé le cur chuige a théann siar go haimsir Ronald Reagan, ar a laghad, agus nach mbaineann sé go speisialta le réimeas Trump.

“Is é is cuspóir leis na smacht­bhannaí ár dtír a bhriseadh,” a dúirt Señora Maneiro. “Cuireann sé isteach go mór ar thrádáil, ar tháirgeacht agus ar ár gcumas leas a bhaint as an gcóras idir­náisiúnta baincéireachta.” Tacaíonn rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach leis na smacht­bhannaí Meiriceánacha.

De bhreis ar na smacht­bhannaí tá feachtas domhanda bolscaireachta ar siúl in aghaidh rialtas Veiniséala agus na gluaiseachta Bolovaraí, agus tá a thionchar sin follasach i meáin na hÉireann. Mheabhraigh an t-ambasadóir don lucht éisteachta go raibh trí hiarracht ar coup d’état i Veiniséala i mbliana cheana féin. Theip orthu uile, mar thacaigh tromlach an phobail agus an t-arm leis an rialtas tofa. “Tá na Stáit Aontaithe ag iarraidh Meiriceá Laidineach a chur faoina smacht, ach tá Veiniséala, Cúba, Nicearagua agus an Bholaiv ag seasamh an fhóid ina gcoinne,” arsa an t-ambasadóir.

Chuir sí ar a súile don lucht éisteachta gur tír shaibhir a bhí i Veiniséala, le raidhse ola, óir, agus uisce úr. Shíl Washington go dtitfeadh an rialtas óna chéile nuair a d’aithin siad Guaidó mar “uachtarán eatramhach,” ach níor tharla sé sin. Mar sin féin tá an tír buailte go mór. Ó thús 2019 bhí titim $30 billiún ar easpórtáil earraí, $13 billiún de sin i dtrádáil ola. D’iarr an t-ambasadóir ar Éireannaigh an cheist a tharraingt anuas cén fáth go raibh a rialtas ag tacú le Guaidó.

Labhair Ambasadóir Nicearagua, Guisell Morales, leis an gcruinniú freisin, agus mheabhraigh sí go raibh sé daichead bliain go díreach ó bhuaigh an ghluaiseacht Shandainisteach ar réimeas Samoza. An tráth sin d’fhógair Ronald Reagan go raibh Nicearagua bheag ina “unusual and extra­ordinary threat” do na Stáit Aontaithe. Dar léi, ba í an chomh­dhlúthaíocht idir­náisiúnta a chinntigh nach ndeachaigh na Meiriceánaigh i mbun ionartha ar a tír an tráth sin.

Tá an réabhlóid ag leanacht ar aghaidh i Nicearagua, dar léi, go háirithe maidir le cur chun cinn na cothromaíochta agus páirtíocht na mban. Tá an tír faoi ionsaí ag an nua-liobrálachas bríomhar, agus tá síocháin agus slándáil Nicearagua i mbaol. Ní ghlacann na nua-liobrálaithe le ceart na náisiún a gcinniúint féin a shocrú. Bhí baol i gcónaí ann go gcuirfí coup d’état i bhfeidhm agus go léireofaí é sin thar lear mar éirí amach a mbeadh tacaíocht phobail leis.

Cloíonn na Stáit Aontaithe le Teagasc Monroe (nó an leagan fichiú haoiseach de) i gcónaí, teagasc a shéanann ceart féin­chinniúna na dtíortha eile sa leath­sféar thiar. Is é atá sna smacht­bhannaí iarracht ar phlúchadh eacnamaíoch a dhéanamh ar Nicearagua leis an ndú­bhochtaineacht a bhuanú. Dúirt an t-ambasadóir go raibh an Mac Cárthaigheachas i réim in Washington. Tá an “Troika of Tyranny” baiste ag Comhairleoir Náisiúnta Slándála Trump, John Bolt, ar Chúba, Nicearagua agus Veiniséala. Anuraidh rinne Trump ath­bheochan ar líomhain Reagan, go raibh Nicearagua ina contúirt do na Stáit Aontaithe.

Tá grúpaí den fhreasúra á dtraenáil ag na Meiriceánaigh leis an rialtas a bhriseadh. Idir Aibreán agus Iúil 2018 mharaigh grúpaí radacacha a raibh baint acu le buíonta coiriúlachta daoine agus dhóigh siad foirgnimh, agus go fiú rinne siad ionsaí ar ospidéal.

Dúirt cathaoirleach an chruinnithe, Frank Connolly, SIPTU, go meabhródh iarrachtaí na Stát Aontaithe maidir le Veiniséala an t-iompar a bhí fúthu tráth na frith­réabhlóide sa tSíle sa bhliain 1973.

In ainneoin sheasamh rialtas Fhine Gael, d’fháiltigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn roimh an bheirt ambasadóir in Áras an Uachtaráin. Bhí cruinnithe acu freisin le SIPTU agus le páirtithe polaitiúla báiúla.